School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 258
  3. XML “Cluichí Eile”
  4. XML “Cluiche Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eadar n-a páistí eile. Deireann an Rí annsin, "Is mise Rí na gCullach agus tá mé ag dréim le dhul a throid le duine agaibh-se. Éirigheann an duine is feárr de na páistí annsin agus seasann sé ós coinne an ríogh astoigh i lár. Annsin cromann an bheirt síos agus a gcuid lámh thart ar a nglúnaibh aca. Annsin tosnugheadh siad a dhinneadh a chéile go suaimhneach le na gcuid cinn go dtionntóidh duine aca. An duine a bhaineas annsin seasann sé suas agus deireann sé na focla céadna.
    Ag gabhail thar an rópa
    Caithfidh rópa seacht no ocht de shlátaí ar fad a bheith ag duine fá-choinne an cluiche seo a imirt. caithfidh ball cosamhail le ceartlín snáth a bheith teannta go cruaidh ar bhárr an rópa. Caithfidh an ceannphort seasamh i lár an urláir agus greim fhághail ar fhad agus tá na páistí eile ag gabháil thart ar an urlár 'na gciorcal. Bíonn fear an rópa ag casadh thart cruinn an rópa i gcomhnaidhe agus é tuairim agus órdlach nó beirt ar aoirde. Do réir mar tá an rópa ag teacht fhad le gach duine caithfidh seisean léim a thabhairt le dhul tharais. Má chasann an rópa nó mo stadann duine ar bith de na h-imirtheóirí é caithfidh an duine sin a dhul amach as an chluiche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cluichí Eile
    Nuair a bhiodh páistí cruinn istigh i dteach amháin gheibheadh siad dhá ubhla agus chuireadh siad ceann aca isteach i dtubáin uisce. Annsin chruinnigheadh siad thart ar an tubán. Chromadh siad síos dá réir a chéile agus d'fhiachadh siad le na thógáil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal