School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 256
- XML “Cluichí Eile”
- XML “Cluichí Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar dtús caitheann siad crainn go bhfeicidh siad cé a chaithfeas iad a leanamhaint thart ar na cruachaibh.Cleas an chnaipe.
Sin cleas a bhíos ar siubhal i dtigh faire. Ar dtús gheibh duine cnaipe agus coinnigheann sé a chuid lámh le chéile agus an cnaipe istigh eatorra. Suidheann sgaifte thart agus bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag gabhail ó dhuine go duine agus an cnaipe leis. Bíonn dhá bhos gach uile dhuine sínte le taobh a chéile. Bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag cur a chuid lámh isteach idir dhá láimh an mhuinntir eile. Sa deireadh fágann sé an cnaipe i lámh duine éiginteacht i ngan fhios do'n mhuinntir eile. Cuireann sé ceist annsin cé aige a bhfuil an cnaipe agus buaileann sé an mhuintir nach mbíonn a fhios acú. Agus an duine a mbíonn an cnaipe aige annsin cuireann sé amach é.(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Pádruig Ua hArlaí
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- (continued from previous page)Cluiche an Mhaide Chorraighe.
I dtús báire gheibheadh beirt bhuachailll nó beirt chailín maide fada agus síneadh thar chlaidhe é a bhiodh giota tógtha amach ó'n talamh. Théigheadh duine ar gach taoibh de'n mhaide agus fhad agus bhíodh sé aníos agus síos bhíodh rann dhá rádh aca: " Ubaidí corraighe, bhí againn anuraidh ar mhaide Sheáin Nellie"Cluiche na cúirte
Chruinnigheadh cuid de pháistí na comharsan agus ghnídheadh siad sraith mór cloch ag déanamh gur cúirt a bhí ann. Chuireadh siad doras uirthí agus sheasuigheadh duine amháin ann.