School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 254
- XML “Cluichí Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar tús gheibheadh duine aca píosa beag de fhód nó rud beag ar bith eile nach mbíodh ró-mhór. Chaitheadh duine aca dul annsin agus é a chur i bhfolach, acht chá bhéadh cead ag an mhuinntir eile bheith ag amharc. Nuair a bhíodh sé i bhfolach aige thoisigheadh an mhuinntir eile ghá chuartughadh. Nuair a bhiodh siad tamall ghá chuartughadh deireadh duine aca:-" An bhfuil mé te no fuar anois?" B'ionann seo agus a rádh an rabh sé chóir nó i bhfad uaidh Bheireadh an duine eile freagra annsin air. Cé bith a gheobhadh annsin é bhí an cluiche leis.
Thoisigheadh siad as an úire air annsin.
An cnaipe damhsa.
Seo rud a bhíodh ag na daoine ag bréagadh na bpáistí beaga leis. Ar dtús gheibheadh siad spóla agus ghníodh siad dhá leath de. Annsin chuireadh siad píosa beag de chipín (fá) síos i n-a lár ag deánamh cos de. Chuireadh siad bárr caol ar an chipín fá choinne é damhsáil go maith ar an urlár. Nuair a théidheadh sé a dhamhsa ar an urlár, chuiradh sé na leanbhaí ag gáiridhe. Seo cluiche fá choinne imirt amuigh faoi an spéir.
Spéir
Ar dtús gheibhtear cloch nó beirt agus cuirtear i na seasamh i mullach a chéile iad. Annsin gheibhtear sean-chupa stáin nó rud ar bith atá furust a leagan nó a bhriseadh. Annsin gheibh gach duine cupla cloch agus toisigheann siad ghá gcaitheamh ar an chupa. Cé bith an chéad duine a leagas é tá an bhuaidh leis.Seo liosta se na cluichí:-
Fuinneoga árda, Falachan - na- gcruach, Caitheamh pighneacha, Huppaidí[?](continues on next page)- Collector
- Máire Nic Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Canann
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal