School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 249
  3. XML “Déanamh Stópaí”
  4. XML “Déanamh Cótaí”
  5. XML “Sníomhadóireacht”
  6. XML “Tuíodóireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is amach as an ghiúmhas portaigh a ba ghnáthach leo a ndéanamh. Ghearradh siad an t-adhmad le seá, annsin plánaladh siad é le plán. Na dhiaidh sin chuireadh siad na cláirí i gcionn a chéile. Chuireadh siad fonnsaí de'n tseort cheadna ortha. Bhíthear ag deánamh na gcuinneóg an dóigh cheadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. As an líon a ba ghnáthach leo na cotaí a dhéanamh fosta. Bhruigheadh siad é an chead-uair le na fhágáil ar an bhealach mhór. Thosnuigheadh carrannaí aniar agus siar na mhullach. Na dhiaidh sin chuirtidhe chuig an mhuilteóir é leis an chlúmhdach a bhí taobh amuigh de a bhaint de. Nuair a bhíodh sin deánta leis thugadh na mná na bhaile é agus chárdaladh agus shníomhadh siad é. Chuireadh siad chuig an fhigheadóir annsin é le gréasán a dhéanamh de, agus 'na dhiaidh sin ghnidheadh cótaí, leabthacha camh, agus braithlíneacha de fosta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Is é an dóigh a dheánntaí sníomh fad ó shoin; chruinnigheadh léar de na comharsanaigh isteach agus bhíodh péire cárdaí le gach duine.Thosnuigeá an cárdál. Nuair a bhíodh bosca mór cárdalta acu thosnuigeadh siad ag sníomh. Bhíodh na mná aníos agus síos go ceann a toighe agus cuid aca ag ceól. Ba bhreagh an spórt é. I ndeireadh na h- oidhche bhruidhthidhe preátaí agus bhíodh biadh éiginteacht eile leo agus na dhiaidh sin tharngeócadh gach duine ar a bhaile féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Informant
    Pádruig Ua Arlaí
    Gender
    Male
    Age
    80