School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 248
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Déanamh Brat Urláir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uilig ag dul treasna ar a chéile.
    "An dóigh le túirne a dheánamh".
    Tá cuid mhór páirteanna ins an túirne. Tá trí cosa faoi agus tá an croidhe i n-a shuidhe ortha. Tá dhá mhaide 'na seasamh ináirde as an chroidhe annsin agus tá seo fá-choinne an roth a chongbhailt i n-a áit fhéin. Tá eiteann ar an túirne fosta agus bíonn an t-eiteann agus an "hec" greamuighthe agus nuair a bíonn an túirne ag sníomh conbhuigheann an "hec" an snáth leis an eitean go rabh sé líonta. Tá lústar ar an túirne annsin fá-choinne an roth a thiomáint. Tá sreangán annsin ag dul ó'n lústar agus thart ar an roth. Is é an lústar an pháirt de'n túirne is mó tábachtach, oibrightear leis an chois é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Deánamh Brat -Urláir.
    Fear dall as an Árdaidh Bhig a ba ghnáthach a ndeánamh. Ba ghnáthach leis a ghabhail chun t-siopa an cheud uair agus rópaí féir a cheannach. Spíonadh sé na rópaí le na lámhaibh agus ghnidheadh sé féin pleataí díobh. Nuair a bhíodh pleata mór fada deánta aige chuireadh sé i gcionn a chéile é. D'imthigheadh sé leis gach áit fríd an tír annsin agus dhíoladh iad. Bhí sé ábalta aithne idir pighinn agus leithphighinn agus is cuma caidé an píosa airgid a bheurfá dó d'aithnigheadh sé é. Bhí sé ábalta ghabháil isteach i ngach teach gan aon duine a dtaisbeán dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Informant
    Pádruig Ua Arlaí
    Gender
    Male
    Age
    80