School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 241
  3. XML “Cuntas Eile fá Dhaoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Daoine cáileamhla eile.
    Lean Paidí Ua Dubhchon as an Ardaigh Bheag giarrfhiadh píosa fada am amháin agus bhí sé fá-choinne an rása a thabhairt suas, bhí sé comh tuirseach sin, Bhí bocsa tobac i n-a phóca agus thóg sé amach é agus buail an girrfhiadh agus mharbhuigh é Thóg Paidí an girrfhiadh agus thug na bhaile é.
    D'iomchar Pádraig Ua h-Árlaí as an Árdaidh Bhig cúig chéad agus trí cheathramha ceilp amach as bád i mbeilt leathaigh go dtí stór i n-a raibh siad a thomhas. D'iomhchar sé ocht gclocha déag coirce fosta ó na theach fhéin go dtí teach a bhí míle ar shiubhal agus am amháin eile thóg sé baraille aoil a bhí sé chéad meadhchain Nuair a d'fhág sé síos é bhí an talamh ag teacht thart faoi.
    Teach damhsa.
    Bhí teach ar an Ardaidh Bhig a mbíodh damhsa go minic ann. Domhnall Ó h-Annlain a b'ainm dó'n fhear agus Máire Ní Annlain a b'ainm do'n bhean, Fidileoir a b'eadh Domhnall agus bean eile a bhí ann a dtugadh siad Nábla uirthi. Bhí Máire i n-a damhsóir mhór. Chruinnigheadh daoine as gach cearn de'n tír san oidhche. Thigeadh siad anoir, agus aniar, a dtuaidh agus a dheas. Ní bhíodh aon teach ábalta iad a chongbháil agus bhíodh na páirceanna fá'n áit dubh le daoiní. Bhíodh "sheebeen" ann fosta agus gheibhtheá do sháith le h-ól am ar bith a mbiodh dúil agat ann. Bhíodh bean bhocht ag gabháil thart a dtugadh siad "Róise an mhadaidh" uirthí.Thigeadh Róise a dh'airneál aca nuair a bhíodh sí fá'n áit. Bhíodh trí madaidh léithe, "Fowler" a b'ainm do cheann aca. Théigheadh na madaidh a dhamhsa nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Géidigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal