School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 240
- XML “Rinceoirí Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhuaidh arais le bean na h-áite seo.Eibhlín Ní Chanann, Machaire-rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír-Chonaill
Cathal Ó Canann, Machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill (89 bl)
Cunntas eile ar dhaoine cháileamhla.Bhí fear i dToraigh darbh'ainm Pádruig Shéamuis Dhómhnaill. Chuaidh strainséar geirsighe as an tír isteach uair. Lá amháin chuaidh sí síos 'un na trágha a bhaint cnúsaigh. Ní rabh sí ro-eolach ar an áit seo agus chuaidh sí amach ró-fhada. Bheir rása uirthí agus thug sé amach í, Tharla sé go rabh cuid mhór daoine thart ar an chladach ag cruinnuighadh leathaigh an lá seo. Chruinnigh siad uilig thart uirthí. Acht ní rabh uchtach ag aon duine aca dhul dá cabhair acht Pádruig. Chuaidh sé amach agus bheir faoi a dá ascailli uirthí agus thug slán go dtí an cladach í. Deirtear go raibh sí dhá uair sula dtáinig sí as an sgannradh.
Bhí beirt fear ar an bhaile seo darbh ainm Toirdhbhealach Ua Gallchobhair agus Donnchadh óg. Fa'n am seo bhí long briste ar chuid creagacha Thoraighe. Chuaidh an bheirt isteach a d'obair uirthí. Thoisigheadh siad ar an seacht ar maidín agus ní stadadh siad go dtí a deich san oidhche. Nuair a bhíodh obair an lae thart aca, thigeadh fear aca amach le lucht de'n phlúr agus rud do bhí ar an luing. Bhí eagla ortha dá bhfágadh siad go maidín é go mbeadh sé goidhte ag muinntir Thoraighe.- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Aodh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal