School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 238
  3. XML “Fir Cháiliúla”
  4. XML “Cuntas Eile ar Dhaoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sgilling sin ag cur buaidheartha air pé áit a bhfuil sé" Ní rabh a dhath le deánamh ag an chréatúr sin acht a lámh do chur in-a póca agus an sgilling a thabhairt dó. Donnchadh Ó Díothcháin ab ainm do fhear Thoraigh agus tá sé marbh le dhá sgór bliadhain o'shoin. Seán mac Pháidin an fear a rabh an sgilling aige le tabhairt dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cunntas eile ar dhaoine cáileamhla.
    Fad ó shoin chaitheadh na daoine siubhal gach áit a mbéadh siad ag dul. Bhí deirbhshiúir de Earraí Ó Briain atá i na chomhnuidhe ar an bhaile seo ag dul go dtí an Astráil fad ó shoin agus b'éigean díthe siubhal go Doire, 60 míle slighe (go) Bhí daoine eile fosta agus théigheadh siad amach go Leitirceanainn, 30 mile slighe de shiubhal coise ar maidin le ciseán uibheach agus bhíodh siad istuigh sa bhaile arais an oidhche sin,
    Seamús Mac Páidín an fear ba ghaiste a bhí ar an bhaile seo le cuimhne na ndaoine. Bhuaidh sé i gcúpla rása a bhí thíos ar thráigh Mhachaire-Rabhartaigh.leath-mhíle an fad a bhí sa rása. Ó thóin Chur-na-Mónadh siar go ceann thráigh Machaire-Rabhartaigh agus aniar arais, Ghlacadh sé ceithre bhomaite ag dul an fad sin. Bhí sé féin agus fear de chuid na Rosaibh ag coimhlint le na chéile thíos ar an tráigh tá scór bliadhain ó shoin. Bhí an rása chomhair a bheith bainte ag fear na Rosaibh acht nuair a bhí sé fá leith-cheud slat de'n phóla bhuail Séamus amach é. Bhain sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Fhionnlaigh
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal