School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 231
  3. XML “Táirgí Óir”
  4. XML “Táirgí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fhear eile. Bhí sgríobhtha ar chlár phota an óir. " The same on the other side" D'imthigh an fear eile fosta agus fuair sé pota eile san áit cheudna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tairgí Oir
    Do réir an t-seanchuis atá ag na seanduiní deirtear go bhfuil croc óir i bhfolach i n-áit a dtugtar "Sruthán-Mín-na-nGamhnach" air. Tá sé ag bun creige atá ann agus tá lorg éighinteacht sa chreig. Chuaidh fear fhad leis aon uair amháin. Thosnuigh sé ag tochailt leis fá bhun na creige nó go dtí sa deireadh gur bhuail sé an leac a bhí ó's a cheann. Thóg sé an leac agus caidé a tcídh sé acht an pota Bhí sé ar tí é thógáil nuair a chruinnigh ceo thart uilig air agus thosnuigh míoltógaí ag ithe na súl as. Le sin chruinnigh léar taidhbhsí air. Bhí cuid aca fá choinne é a bháthadh agus bhí an chuid eile a shábháil. Thosnuigh siad ag damhsa thart air annsin. Bhí an damhsa comh deas sin gur thuit sé na chnap chodlata agus nuair a mhusgail sé tcídh sé é féin na shuidhe ag doras a thoighe.
    Tá buatais óir i bhfolach i n-áit a dtugann siad an "Taobh bán" air i "mBinn an Fhéidh" Níl fhios ag aon duine cé an spot san ait a bhfuil sé i bhfolach ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraig Ua hArlaí
    Gender
    Male
    Age
    80