School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 229
  3. XML “Táirgí Óir”
  4. XML “Táirgí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí dream de na lochlannaigh i n-a gcomhnuidhe thíos ins an dumhaigh, sin árdáin a bhfuil muiríneach ag fás ortha, ar an taobh theas de Innis-Bó- Finne. Is fada an lá chuaidh fear as Machaire-Rabhartaigh síos a bhaint muirínighe agus chonnaic sé dhá chloigeann duine i n-a luighe ar 'an tráigh acht ní rabh ann acht na cnámha. Nuair a chuaidh sé chun na bhaile d'innis sé de dhaoine eile caidé a chonnaic sé. Fuarthas amach annsin gur sin an áit ar cuireadh na Lochlannaigh agus gurbh iad a gcuid óir agus biorrain a bhí 'na i bh'folach san ghainnimh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tairgí Óir
    Tá fear agus bean agus ciste óir ar Oileán Uí Bhaoghaill ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh. Deir siad gur amach aniar as Baoigheallach iad, oileán ar an taobh thiar de Éirinn. Ba de na Baoighailligh an bheirt agus sin an séala gur baisteadh Oilean Uí Bhaoghaill ar an áit a bhfuil siad curtha. Deir siad, fosta go raibh ciste mór óir aca agus rinne siad a n-áit comhnuidhe ar an oileán sin go dtí go dtáinig an bás ortha. Bhí siad ag cur préataí ar an oileán bheag sin agus tá na h-iomaireacha le feiceáil ann ó'n lá sin go dtí an lá indiu. Nuair a bhí siad ag éirghe aosta chuir sias síos ciste an óír iongantach domhain san talamh. Fuair an fear bás tamall 'na dhiaidh seo agus chuir an bhean síos ag taobh an óír é. Cuireadh tamall gearr 'na dhiaidh seo í féin. Ní thug aon duine ariamh iarraidh an t-ór a bhaint, nó bhí eagla ortha go dtiocfadh olc ortha fhad is bhéadh siad ag gabháil de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal