School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 222
  3. XML “Stoirm Eile”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tionntódh cruacha agus báitheadh caoirigh a bhí amuigh sa chnoc. Deirtear go dtáinig an stoirm chomh tobann sin na raibh bun ar bith déanta ag na daoine. Bhí tóirneach agus soillseach ann. Tháinig an tóirneach anuas ann simleóir i dteach ar an bhaile seo agus leag sé bascóid phreataí a bhí i lár an toighe agus iad ag ithe a ndinneára. Chuaidh an tóirneach amach ar an doras agus isteach sa chlaidhe ar an taobh amuigh de'n teach. Níor loiteadh aon duine. Chuaidh an tuillidh isteach i dtoighthibh agus i mbóithuighe eallaigh. Bhí an ghaoth ag dul fé shiubhal mhillteanach. Bhí loch uisge thart ar phoill préataí Bhí fuaim ag an ghaoith mar bhéadh tóirneach ann. Nuair a shocruigh gach rud bhí gach duine i n-a rith chun an toighe eile a d'amharc a rabh siad beo. Dubhairt na daoine an paidrín le h-é socrú agus gan caill ar bith do dheánamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cistí Óir i bhfolach
    Tá gugán oir i bhfolach thíos ag "Gob-na-Dumhcha" áit a dtugann siad an "oitir bhuidhe" air. Bád pléisiúrdha a chaill é. Briseadh í agus cailleadh an t-ór. Ba leis an bhanríoghain an bád seo. Bhí fios ag fear arbh ainm dó "fear an t-sean h-ata" go rabh an t-ór ann seo fear de chuid an t-saoghail eile ba eadh é agus bhí sé 'na chomhnuidhe i nGort-n-Choirce. Lá amháin chuaidh sé féin agus agus fear dá chuid an bhaile amach i gcurrach fá choinne é a thógáil. Bhí lámh iarainn ins an bhosca. D'iarr fear an t-sean hata ar an fhear eile rópa a chur ar an bhosca agus go dtógfadh sé féin aníos é acht bhí sé ró-lag san chroidhe le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal