School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 218
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Stoirmeacha Móra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mBeurla. Is é seo an t-ainm agus a seoladh Pádraig Ua h-Arlaí, Séamus Mac Fionnlaigh, Donnchadh Ua Gallchobhair, Ardaidh Bhig, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. Ba ghnáthach le go leór daoiní imtheacht as an áit go Americá fadó na daoiní a rabh oiread airgid aca agus bhí ábalta an t-aistear a dhíol ní dhéanfadh siad stad ar bith go mbéadh siad i Mericá. Daoiní nach rabh airgead ar bith aca d'fhan siad san bhaile. Na daoiní a d'imthigh an t-am sin níor phill siad ní ba mhó. Níl aibhne nó locha ar bith ar an bhaile agus ní cuimhin le aon duine san áit gur cuireadh ainm na h-áite i n-amhrán acht oiread.

    Peadar Ó Briain
    Ardaidh Bhig
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. I ndeire na bliadhna 1868 thárlaidh stoirm mhór ins an cheanntar seo. Am bhaint an arbhair a bhí ann, nó bhí na stucaí ins na páirceannaibh. Ar éirghe do na daoinibh ar maidín ní rabh aon stuca dá gcuid nach rabh ar shiubhal bealach na fairrge nó fríd cuid na muinntire eile. Bhí an féar agus an líon mar an gceudna, acht chun na fairrge is mó a chuaidh siad-san.
    Bhí teaghlach amháin ann agus bhí cruach féir astoigh aca, acht nuair a d'éirigh siad ar maidín ní rabh aon ghreim de le fagháil. Bhí tóirneach ar siubhal fosta. Na toighthe fá bhun na gcnoc tháinig an tuile isteach ann. Bhí teach amháin ann agus tháinig an tuile isteach ann; b'éigeann na páistí a chur suas ar sheol a bhí sa t-seomra a bhí ag fear an toighe, an áit a mbíodh sé ag déanamh bainín. Fosgladh an doras cúil annsin agus d'imthigh an tuile síos an gárradh an áit a rabh fánaidh leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Áodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal