School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 217
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pháidín. Éamonn Mac Pháidín agus Seán Mac Fhionnlaigh, a n-ainmneacha.Níl mórán fóthracha toighe ar an bhaile seo anois. Ba ghnáthach le cuid mhór de mhuinntir na h-áite dul go Ameriocá ins an am a chuaidh thart. Tá talamh maith i n-áiteacha ar an bhaile agus i n-áiteacha eile tá sé iongantach cnocach. Níl a dhath de thalaimh an cheanntar fé choillidh. Níl a dhath fa dtaobh de'n bhaile sgríobhtha i n-amhrán nó i ndán ar bith. Níl abhann nó loch ar bith ins an bhaile. Tá go leór srúthán beag ag dul fríd an bhaile agus agu dul amach ag an tráigh. Mac Fhionnlaigh an sloinneadh is coitcheannta ar an bhaile agus cloinn Ui Ghallchobhair an dara sloinneadh is coitcheannta. Níl móran sean-duine ar an bhaile a dtig leo Béarla a labhairt. Tá go leór daoine as an bhaile seo thall i Americá. Tá duine as gach teach dá bfuil ar an bhaile chóir a bheith thall i Americá. Eibhlín Ní Chanann,
Machaire-Rabharthaigh,
Gort-an-ChoirceDomhnall Mac Grianna,
Machaire Rabhartaigh - Tá mé mo chomhnuidhe ar an Árdaidh Bhig i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh atá i mbarúntacht Chill-Mhic-Éanain. Tá slinn ar an chuid is mó de na toighthe san áit. Níl acht corr teach a bhfuil tuighe air. Mar go rabh na daoiní na gcomhnuidhe sna' sléibhte chongbhuigh siad an Ghaedhilg beo agus níor leig dí bás fhágháil. Ní rabh eólas ar bith aca ar an bheurla agus chuidigh seo go mór leo leis an ghaedhilg a bheith aca anois. Tá trí seanduiní ar an bhaile thar seachtmhó bliadhain d'aois. Thig leósan go leor sgéalta a innse i nGaedhilg acht ní thig leo acht an fíor bheagan a innse i(continues on next page)
- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal