School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 216

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 216

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 216
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go bráthach a mbéadh ceann sglátaí ortha. Is iomdha duine acú a chuaidh go America agus a tháinig anall aríst agus a bhí ábalta toighthe bréaghtha a thógáil suas do na muinntir san bhaile. Ní fiú trácht ar a bhfuil acú ag gabháil go America ins an am atá i láthair. Níor chula mé gur cuireadh ainm an bhaile ariamh i n-amhrán nó i sean-rádh. Talamh maith atá i gcuid de. Níl aon aibhneacha nó locha inntí.

    Sorcha Ní Ghallchobhair,
    Mín-na-Lárach,
    Gort-an-Choirce
    Seán Ó Curráin,
    Mín-na-Lárach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Machaire-Rabhartaigh is ainm do'n bhaile a bhfuil comhnuidhe orm, Cloich-Cheann-Fhaoilidh is ainm de'n pharróiste, atá i mbarúntacht Cill Mhic Éanain. Tá suas le tríochmhadh teach ar an bhaile acht ní raibh an oiread sin ann fadó. Ní raibh ann acht fiche agus a cúig teach fad ó shoin. Slinn atá ar an chuid is mó de na tighthe anois agus tuighe ar an chuid eile.
    Seo an fáth gur baisteadh an t-ainm ar an bhaile. Aon uair amháin bhí fear agus a mháthair i na gcomhnuidhe ar an bhaile seo. Ní rabh ann acht iad fhéin. Rabharthaigh a bhí ar an fhear agus bhí machaire mór talaimh aige. Is mar sin a baisteadh Machaire-Rabharthigh ar an áit.
    Tá scór sean-duiní ar an bhaile ins an am atá i láthair. Tá Gáedhilg aca uilig agus thig leóbhta sgealtaí a innse i nGaedhilg. Séamus Mac Fhionnlaigh, Brighid Nic Fhionnlaigh, Seán Mac Fhlaithbheartaigh, Nábla Ní Fhlaitbheartaigh, Micheál Mac Pháidín, Máire Ní Churráin, Máire Ní Ghallchobhair, Máire Ní Chanann, Peadar Mac Fhionnlaigh, Mánus Ó Briain, Máire Nic Fhionnlaigh, Máire Ní Géidigh, Peadar Ó Canann, Seán Mac Gaothcháin, Eibhlín Nic Gaothcháin, Anna Nic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Collector
    Eibhlín Ní Chanann
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Domhnaill Mac Gránna
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal