School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 215
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mo cheanntar féin suidhte i Mín-na-lárach, i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh, i mbarúntacht Chill-Mhic-Eineáin. Ceitre toighthe agus fiche atá ann. Toighthe sglátaí atá ann anois acht fadó ní raibh sglátaí ar an teach ann.
    Sí an Ghaedhilg an ghnáthach teangaidh atá ann anois agus a bhí. Sé an fáth ar tugadh Mín-na-Lárach air: Fear arbh' ainm dó Tomás Beag a bhí 'na chomhnuidhe istigh i Innis-Bó-Finne agus bhíodh a chuid lárach amuigh aige gach geimhreadh annseo, ag inghilt ar an talamh mhín atá thart fá'n chladach i Mín-na-Lárach. As an talamh mín baisteadh mín agus as na láir baisteadh lárach.
    Is mó i bhfad an méid seanduiní do bhí ann fadó i gcompáraid leis an méid atá ann indiu. Fuair cuid mhór acú bás le anró agus le fuacht fadó. Na h-ainmneacha atá ortha fá láthair: Brighid Ní Ghallchobhair, Róise Nic Fhionnlaigh, Séamus Mad Aodha agus a chéile Sorcha Nic Aodha, Seán Ó Gallchobhair, Donnchadh Ó Gallchobhair, Seán Ó Curráin, Eoghan ó n-Oighreachtaigh, Seán Ó h-Oighreachtaighe, Anna Ní Dhubhchan, agus Máire Ní Oighreachtaighe. Cloinn Uí Gallchobhair an sloinneadh is coitcheannta ar an bhaile agus cloinn Uí Oighreachtaighe an dara sloinneadh is coitcheannta.

    Thig leobhtha sgeultaí go leór Gaedhilge a innse agus rudaí maithe fosta. Níor chuala an chuid is mó aca aon fhocal Béarla ariamh. Tá deich gcinn de sean bhallógaí ann agus iad comh sean leis an cheo. Ballógaí i n-a raibh dhaoine i na gcomhnuide ionnta sula rabh iomrádh go mbéadh toighthe thuas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal