School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 211
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- XV
Casadh an mhaighdean Mhuire orm ag siubhal ar thalamh bheannuighthe Trí leabhar Aifrinn léithe i n-a cuid lámh. Trí shagart ag gabháil cheoil, seacht gclog ag bualadh. Doras na bhFlaitheas a fhosgladh, doras Ifrinn a dhruid. An té deireas seo trí h-uaire ag éirighe dó, trí h-uaire ag dul a luighe dó, ní dhallfaidh sé doras ifrinn go deo.
XVI
Ó a Dhia caithfidh mé bás d'fhágháil níl fhios agam ce'n áit, ce'n uair nó caidé an dóigh, acht má gheibhim bás i bpeacadh.marbhtha thá mé caillte go deo. A Íosa bíodh trócaire agat ar pheacach bocht mar mise agus cuidigh liom i ngach contabhairt a mbéidh mé ann. - XVIIAn Eisirghe an urnaithe is feárr d'ár chuala mé ariamh d'á léigheadh as leabhar ariamh. Íosa a cuireadh annseo indiaidh é a chrochadh le crann. Dia h-Aoine a crochadh an Comaine, ar an Aoine a chreidim i nDia. Siud anoir súil duine fríd cré na nGnidheacha, tá bean fá na cheann, bean fá na chosa, agus an treas bean fá dheis láimh Dé, M'anam leat, a Mhichíl Bháin, is iomdha sin comhartha idir doras Ifrinn go dtí doras tigh báirr. An té a mbéadh an Eisirighe aige agus a déarfadh í gach lá níor bh'eagal do seasamh ar leacacha Ifrinn anois, a choidhche, nó go bráthach
XVIII
A fháilte rómhat a chuirp ar dtighearna a tháinig go neamh-dhóigh a bheith do chéasadh ar chrann na páise. Is peacach bocht mé deánamh ort, acht a Dhia na agar orm 'mo(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chanann
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Nuala Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal