School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 209
  3. XML “Seanphaidreacha”
  4. XML “Paidreacha Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ó a Íosa mo anam, a Mhuire mo anam agus mo chruthuigheóir. Ná leig cuid cathuighthe an diabhail nó a chuid oibreacha i n-aice liom.
    A Maighdean a Mhuire, bí ag siubhal liom ar feadh lae agus oidhche. A Naomh Antóine má chaillim a dhath cuidigh liom é a fhághail. A Pheadar na n-eochracha agus Eoin baiste fosglaigidh an doras damh agus leigigidh isteach mé ar an lá deireannach.
    VI
    Tá mé mo luighe san leabaidh seo 'gus mé tinn 'gus lag, a Íosa milis. Críosta go rabh tú ag mo ghárdáil. A Mhaighdean a Mhuire, 'gus a aingéal Dé déanaigidh biseach damh má's féidir é agus má fhághaim bás, go dtéighidh mo anam fríd bhur lámha beannuighthe.
    VII
    Éirighim-sa amach as an leabaidh seo 'gus go n'éirighidh Dia liom.
    Cuirim-sa orm mo chuid eudaigh agus go gcuidigh Dia liom. Guidhim suas le Dia agus go n-éistighidh Dia mé.
    VIII
    Ag coigilt na teineadh
    Druidim-sa mo dhoras agus coiglim mo theinidh, ionar chrann na páise. Má mhusclann mo charad mé na musgladh mo námhaid mé Loch Finne faoi an teach, loch na dtéigidh ceo uirthí. Caill, breis nó dóghadh na dtigidh ar mo teach nó ar aon duine dá bhfuil ann go maidín.
    Sorcha Ní Ghallchobhair, Mín-na-Lárach, Gort -an-Choirce
    Brighid Ní Ghallchobhair, Mín -na-Lárach, Gort-an-Choirce
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.