School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 207
  3. XML “Dóghadh”
  4. XML “Pláigh”
  5. XML “Pláigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann agus bhí an mháthair ar siubhail i n-Albain. Bhí an bhean a bhí sa bhaile ag brath dhul chun an Aifrinn an lá thar na bhárach. Chuaidh sí suas sa t-seomra fá choinne a cuid bróg. Bhí cócán thuas faoi an leabaidh san áit a rabh na bróga. Beir an bladhaire ar an chócán agus chuaidh an teach ar theine agus chuaidh an bhean a chuir an teach le theine chun an Aifrinn an lá thar na bhárach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. fires (~306)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
  2. I mbliadhain a naoi gcéad déag agus a h-ocht déag bhris pláigh mhór amach ins an tír seo nuair a bhí deireadh leis an chogadh. Bhí cuid mhór daoine ag fágháil bháis. Bhí cúpla tórramh ann gach lá. Bhí eagla ar gach aon duine a ghabháil i bhfad ó bhaile nó dá dtéigheadh thiocfadh an phláighe ortha. Dá mbeadh faire ag taoibh an dorais ag teach bheadh eagla ar na daoine a ghabháil chun na fáire féiin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Fuair cuid mhór daoine bás leis. Chualaidh mé go bhfuair stócach óg nach rabh acht sé bliadhna déag d'aois bás leis agus é ag teacht abhaile as Dún Fionnachaidh. Ní raibh ag na mháthair acht é agus bhí siad an-bhuaidheartha in a dhiaidh. Tugadh go roilig Ghort-an-Choirce é agus cuireadh annsin é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.