School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 206
- XML “Cuntas fá Theach a Dóigheadh”
- XML “Dóghadh”
- XML “Dóghadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine aca leis dealán agus thoisigh a chuartú faoi an leabaidh. Chuir sé an leabaidh le theine i n-áit innse do'n té a bhí sa leabaidh d'imthigh sé fá choinne uisge. Ar theacht arais dó bhí an leabaidh le theine. Cuireadh an fear a bhí sa leabaidh i n-a shuidhe agus b'éigean an t-eallach a thabhairt amach ar poll a bhí i gceann an toighe. Dóigheadh an teach uilig agus an trosgán fosta. B'eigean dóibh airgead a chruinniú a chur suas teach úr. D'fhan siad i dteach de chuid na comharsan go rabh sé deánta. Nuair a tháinig an fear a bhaile thuit sé i laige nó shíl sé go rabh a bhean agus an teaghlach marbh, acht tháinig sé as.
- Dóigheadh cúig cruacha cócáin le fear as an Árdaidh Mhóir tá cúpla bliadhain ó shoin. Ní rabh fhios ag fear an toigh cé dhóigh iad. Dóigheadh teach siopa ar an taoibh seo de Ghort a Choirce. Ní rabh siad acht i ndiaidh é a chur suas nuair a dóigheadh a rabh istoigh ann. Cuireadh ceann úr air acht dóigheadh arais é. Annsin cuireadh bail arais air agus tá sé ann go fóill.
- Fad ó shoin bhí teach ar an bhaile, agus bhí almhain le pósadh ann agus bhí buideal uisge beatha aige i bhfolach san chócán ins an t-seomra. Bhí a athair ghá chuartú sa t-seomra thuit an choinneál agus chuaidh an teach ar theinidh san bhliadhain 1874.