School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 205
  3. XML “Dóghadh”
  4. XML “Cuntas fá Theach a Dóigheadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dóghadh
    Bhí seanbhean agus seanduine in-a gcomhnuidhe thiar ina na "Beanna Gorma" aon uair amháin tá ceithre fichid bliadhain o shoin. Ba ghnáthach leo a bheith amuigh fríd na toighibh gach aon oidhche ag cuartuigheacht go h-am luighe. Bhí sean-gabha ag gabháil thart fá'n am agus é ag creach agus ag cuartughadh airgid. Bhí lann speile agus buideál ola agus cipíní leis. Agus teach ar bith nach dtabharfadh a mhórán nó a bheagán dó ní rabh sé i bhfad le bheith beo.Aon oidhche amháin casadh an t-seanbhean agus an seanduine air indiadh a bheith ag cuartuigheacht. Chuir sé ceist ar an t-seanduine cá rabh sé i n-a chomhnuidhe. D'innis an seanduine dó. Chuir sé ceist air an rabh sé saidhbhir. Dubhairt an seanduine nach rabh. Lean said leo agus an gabh 'na ndiaidh. Luigh sé amuigh i gcúl an toighe an oidhche sin agus chuir sé lasair san teach ar maidín an lae thar na bhárach agus dóigheadh an teach agus an bheirt acú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Thuas annsin ar an Bhealtaine a dóigheadh an teach seo. An lá seo bhí an mháthair ar thórramh agus bhí an t-athair in Albain. Ní rabh sa teach ach na páistí. Bhí duine aca sé bliadhna déag agus bhí sé na luighe, nó bhí sé i n-a shuidhe ar an fhaire an oidhche sin. Acht bhí siad ag imirt báill fríd an teach, acht sa deireadh d'imthigh an báll siar faoi an leabaidh. Sa deireadh thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ni Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal