School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 197
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí long ag teacht as Meiriceá tá cúig bliadhna agus fiche ó shoin agus bhí ceo mór ann. Tháinig sí ró-dheas de thalamh agus bhuail sí isteach ar na carraigeacha ar an taoibh seo de Thoraigh agus briseadh í. Bhí lucht plúir agus cuid mhór rudaí eile uirthí agus bhí pasantóirí uirthí fosta. Chaith siad gach seort dá rabh uirthí ins an fhairrge acht d'fhan na pasantóirí uirthí go dtáinig long eile a thug léithe go Doire iad. Rinne sí maith mór de mhuinntear Thoraighe nó fuair siad cuid mhór plúir, muc-fheola agus gach seort dá rabh uirthí agus neitheannaí eile fosta. Bhí bádaí as na cuantaí uilig ag tarraingt ann ag iarraidh cuid de'n bhiadh agus gach seort dá rabh uirthí. Chaith sí seal ag Toraigh gur cuireadh an lucht uilig chun na fairrge agus annsin tugadh ar shiubhal í. Chuaidh go leor de'n lucht ins an fhairrge nach bhfuairtheas ariamh. "An Cealafórnaí" a b'ainm dí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Géidigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal