School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 195
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí fear ag gabháil an bóthar. Oidhche dhorcha a bhí ann. Ní rabh fhios aige cé an bealach a bhí sé ag dul nó bhí ólta. Chuaidh sé isteach go teach an phobail agus sheasuigh sé i gcoirnéal. Ní rabh sé i bhfad na sheasamh ann, go dtáinig fear aníos as faoi an urlár agus culaith air mar a bíonn ar shagart. Chuir sé ceist ar an fhear an bhfriotháladh sé an t-Aifreann dó. Níor labhair an fear acht chuaidh sé chuig an tsagart lá thar na bhárach nó gur innis sé dó an sgéal.
    D'iarr an sagart air dul agus seasamh ins an áit cheudhna a rabh sé an oidhche roimh sin. Do chuaidh sé ann agus thárla gach aon rud mar tárla roimh sin. Chuaidh sé chuig an tsagart lá thar na bhárach agus d'innis sé an sgéal dó.
    Chuaidh sé féin agus an sagart ann an oidhche sin. Tháinig an fear aníos as faoi an urlár agus chuir sé ceist ortha an bhfriothálfadh siad an t-Aifreann dó. Dubhairt siad go bhfriothálfadh . Nuair a bhí sé thart aca chuir an sagart ceist air cad chuige ar dhubhairt sé an t-Aifreann. Dubhairt sé leis; nuair a bhí sé ar an t-saoghal seo go rabh sé 'na shagart, go raibh aifreann amháin nár dhubhairt sé. Agus go raibh sé réidh le dhul na bhFlaitheas anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghabhann
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Mac Gabhann
    Gender
    Male
    Age
    57