School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 191
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Eibhlín Ní Chanann, Machaire- Rabhartaigh, Gort-an- Choirce
    Eibhlín Ní Gaothcháin, Machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéál
    Bhí beirt ann aon uair amháin a rabh (bhean am) beirt ingeach aici. Bhí an mháthair go maith do dhuine aca acht ní rabh meas ar bith aici ar an chailín eile.
    Chuireadh sí amach chun na chnuic í gach lá a bhuachailleacht caorach agus ní chuireadh sí léithe acht giota beag aráin choirce, agus braon beag uisge, Bhíodh an mháthair go maith do an chailín eile agus ní raibh d'fhiachail uirthí aon nídh do dheánamh. Bhí sealbhán mór caorach le coimhéad ag an chailín eile Ina measg bhí caora dhubh a raibh fios mór aicí. Gach lá d'iarradh an chaora dhubh ar an chailín seo a h-adharc do chasadh agus nuair a chasadh thiocfadh tábla mór aráin amach ar an talamh agus d'íosfadh sí a sáith. Nuair a chonnaic an mháthair nach rabh an cailín bocht seo ag meath a dhath tháinig iongantas mór uirthí, agus lá amháin d'iarr an mháthair ar an inghean bhródamhail seo a ghabháil suas go dtí an áit a rabh an cailín bocht agus a ghabháil i bhfolach i gcúl ardáin go bhfeicfeadh sí caidé an dóigh a rabh sí ag fagháil an bhidh a bhí a congbháil beo. D'imthigh an inghean bhródamhail léithe agus nuair do bhí sí ag teacht deas de'n áit a rabh an cailín eile chonnaic an chaora dhubh í agus thoisigh sí a shéideadh ceo amach as an adhairc agus b'éigean de'n chailín bhródamhail a theacht anuas 'na bhaile aríst. Oidhche amháin bhí damhsa le bheith san áit agus d'imthigh an mháthair aghus an cailín eile chuige. D'iarr an mháthair ar an chailín bheag seo fanacht istoigh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal