School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 188
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh Domhnall mór le rása ag tarraingt
    ar an loch. Shiubhail sé leis ar shuaimhneas
    amach acht nuair a bhí sé ag tarraingt ar an
    dubhachán báitheadh é. Annsin d'imthigh
    Domhnall beag na bhaile agus chaith saoghal breágh socalach.
    Peadar Ó Briain, Ardaidh Bhig,
    Gort-an-Choirce, Tír Chonaill.
    Brian Ua h-Arlaí, Ardaidh Bhig,
    Gort-an-Choirce, Tír Chonaill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal Grinn
    lá amháin bhí dhá gharsún ag imirt cnaipí.
    Nuair a stad siad bhí cuid mhór ag fear aca
    níos mó 'na an fear eile. `Siubhal,' ar
    seisean, `agus rannfaidh muid iad ar an
    taoibh istigh de bhalla na roilige.' Acht
    nuair a bhí siad ag dul thar an bhalla thuit
    beirt de na cnaipí uatha acht níor thóg siad
    iad. Thoisigh siad a rannt agus seo an rud
    a bhí siad a rádh ar feadh an ama, `Ceann
    damh-sa, ceann duit-se, ceann damh-sa, ceann duit-se.' San am cheudhna, bhí fear ag dul thart ar an taobh amuigh agus chuala sé an chainnt seo. Scannruigh sé agus d'imthigh sé i n-a rith agus é ag sgairtigh ag iarraidh cuidighthe. Casadh fear air agus chuir sé ceist air caidé a bhí cearr leis, Ó tá,' ar seisean `chuala mé Dia agus an diabhal ag rannt anamnacha na
    ndaoine ar an taobh istuigh de bhalla na roilige,' `Tá deireadh an tsaoghail ann,' ar
    seisean. `Siubhal go bhfeicfidh mé,' arsa an fear eile. D'imthigh siad agus nuair a shroich siad an áit, shuidh siad síos a dh'éisteacht. Nuair a bhíodar tamall ann dubhairt fear dá raibh ar an taobh istuigh: `Agus caidé fá dtaobh de'n bheirt atá ar an taobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal