School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 182
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Caidé a dheánfas cloch má chuireann tú ins an uisge í? frg= Éirigheann sí fluich. Rugadh gan anam é, fuair sé bás gan anam, agus bhí anam ann= péist a shlug bád. Rud geal agus hata dearg air agus da fhaide seasann sé, éirigheann sé goirid= coinneál. Ní raibh sé amhlaidh ariamh agus chá bhíonn go deo, sín do lámh agus tchífidh tú é?= Níl do mhéar bheag comh fada le na méara eile. Chuaidh mé amach maidín ceoigh agus chonnaic mé an marbhanach ag iomchur a bheo? frg= fear istoigh i mbád. Sé do bheatha, a athair, ní mise do mhac. frg= inghean. lacha roimhe dhá lacha, lacha indiaidh dhá lacha agus lacha i lár idir dhá lacha. Cé mhéad lacha sin?= Triúir. Bhí triúir dearbhráthair ag suibhal thart ag roilg. Dubhairt fear aca, Caithfidh mé a ghabhail isteach agus paidir a chur le mac mo dhearbhráthair atá marbh. Dubhairt an fear eile caithfidh mise fosta. Dubhairt an trímhadh fear níl féidhm ormh féin ní níl mac dearbhráthair ar bith agam ann. A mac féin a bhí ann. Dá mbéadh builbhín aráin le roinnt idir an píobaire agus a mháthair agus an fidileoir agus a bhean. Cé mhéad cuid a chaithfeá a dheánamh de. Trí chuid. Trup sa choillidh 'gus árd ghlór ann: fear ag baint crann. Téad ar gach taoibh agus téad ar lár tuile na h-abhna agus ar a cuid bruacha. Thig sé anall ar a rása agus théid sé anonn ar a rása agus líonann sé a bholg ar a rása: Iteann an túirne. Fásann sé sa choillidh agus cluinfear sa bhaile mhór é agus cosnochaidh sé an oireadh seo puntaí do na mhaighistir. Fideal. Cé seo chugam anall an gleann acht inghean Bhillí na mbeann, coinnleóir óir ar bhárr a boise agus cúl a coise fríd a ceann. tuath. Caidé an t-am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Fhionnlaighe
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    81
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal