School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 181
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhóir, ba é an duine beag mac an duine mhóir ach níobh é an duine mór a athair. Cé bhí leis? A mháthair. An té a rinne é char chaith sé é agus an té ar leis é chan fhacaidh sé é? Comhnáir. Caidé an duifir atá idir greusaidhe agus cúipéar. Tá fear aca ag congbháil amuigh an uisge agus an fear eile dhá chongbháil astoigh. Molt dubh idir dhá ghleann, nuair a bhogfas an molt dubh bogfaidh an dá ghleann. Capall agus dhá cuabh air. 1 1/2 scadán ar 1 1/2 P cá mhéad a gheobhfá ar 11D= 11 scadán. Ceann beag, cosa fada agus leasracha cama= maide briste. Ag buaileadh a chéile sa lá agus i gcuideachta a chéile san oidhche= péire cárdaí. Tá sé comh dubh le dubhach, comh bán le páipéar, comh glas le féar, agus chomh dearg le fuil= Sméar dubh. Lán toighe agus lán páirce agus bheirim dubhshlán lán scála bhaint amach as= toit. Caidé an rud nach dtig leis an Rígh snaidhm a chur air?= Gainimh. Caidé a ghlacas sé le péire bróg a dheánadh? = Dhá bhróig. Tá féasóg air agus chan gabhar é; tá bárr air agus chan snathaid é, tá tom bán air agis chan girrfhiadh é= feadhacha. Cad fáth a gcaitheann an rí gealasaí dearga? le na bhrístí a choinneáil suas. Cé'n dá ainmidhe atá linn a luighe i gcomhnuidhe? Dhá cholpa na coise. Má chaitheann tú suas é tiochfaidh sé anuas buidhe?= ubh. Molt dubh a thuit le binn agus ní rabh ann saill= silide dubh. Caidé an duifir atá eadar an talamh agus an fhairrge? Tá ceann aca salach agus tá an ceann eile glan.(continues on next page)
- Informant
- Séamus Mac Fhionnlaighe
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal