School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 93

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 93

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 93
  3. XML “An tAmhrán Breágach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An t-Abhran Bréagach
    Chonnaic mé an teampall dá deanamh sa tuinn udaigh thíar.
    Bhí an ruacán gan aithbhéil 'gearrach cloch ag a thaoibh
    Bhí an gaineamh ar chárr ann is bhí an báirneach dá mheascadh fríd aol
    Bhí reithe as an Spáinn ann agus bárd ag seinm ar phíob.
    Chonnaic mé indé agus mé mo shuidhe ar a stól
    Bhí oiread cnuic sléibhe ar mhéis i seomra an Ríogh
    Bhí iolar a'sgréachaigh indiaidh a bheith rósta mí
    Bhí muileann Ní Néill ag éileamh pósta ar mhnaoí.
    Chonnaic mé Dia Domhnaigh é a'rómhar an chnuic udaí thall
    Dubhan-alla a's bróga air's badh bhródamhail é a'réidhteach a chinn
    Bhí seangan a's cóiste air a's é lodaidheacht cloch as an pholl
    Bhí creabhar i gcionn a chró- iarainn, é cóirighthe is hata ar a cheann.
    Chonnaic mé an Pápa ag cárdail barraigh Dia Luain
    Seilmhide a párail sráide agus Lundain le tuaigh
    Bhí Corcaigh i mbád a'snamh ar mhullach an tsléibh' ruaidh
    Bhí muileann a's ceardhcha i lár na Cruite ar an chuaich
    Chonnaic mé tarbh bhí marbh le trí chéad lá
    'Lodaidheacht abair go sasain gan gan long gan bád
    Cearc fhraoich agus bata aicí a'briseadh cloch aoil ar sráid
    Mac tíre ar a phaidrín istigh i ndam uisge ar teach bárr.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Iníon Ní Chuinneagáin
    Gender
    Female