School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 57

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 57

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 57
  3. XML “Na Trí Bhréagach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeul - Na trí bhréagach
    Bhí rí thall sa Ghréig am amháin agus bhí inghean aige. Ní bhfuigheadh aon fhear í le pósadh acht an té a bhainfeadh trí bhréagach as an righ. Tharla go raibh Éireannach ins an tír sa'n am agus dubhairt sé leis féin go bhfiachadh sé leis an trí bhréagach a bhaint as an rí, agus a ingean a fhághail le pósadh.
    Lá amháin bhí an rí amuigh a'siubhal agus casadh an tEireannach air. Siubhal síad leo ag cainnt 'sa comhrádh agus thainic siad fhad le cruach fhéir a bhí istigh i bpáirt. " Geall nach bhfaca tú cruaich féir comh mór sin ariamh" arsa'n rígh." Ní fhaca" ars an t Éireannach " acht ceann a bhí ag m'athair sa bhaile, agus nuair a bhíodh na gealamháin thuas ar a bhárr bhíodh siad a'piocadh na réaltóg as an spéir." " Bréagach thú" ars an rí. "Sin sgéar amháin de do inghin agam" ars'an fear.
    Shiubhal siad leo agus casadh gárradh cáil ortha. Dubhairt an rí "geall nach bhfaca tú croidhtheacha cáil ariamh comh mór sin". " Ní fhaca " arsa n tÉireannach, acht rudaí a bhí ag m'athair 'sa bhaile. Nuair a bhíodh cioth cloch sneachtaidh ann théigheadh na beathadhaith[?] isteach faoí na duilleogaí, ar fosgadh". " Bréagach thú" ars an rí." "'Sin dhá sgéar de d'ingin agam
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Informant
    Gráinne Ní Ghonagail
    Gender
    Female
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Ghonagail
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal