School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 30
- XML “An Leanbh gan Bhaisteadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeul- An Leanbh gan bhaisteadh Bhi fear thiar ins na Rosaibh am amháin agus bhí sé 'na chearbhach mhór. Oidhche amhain d'imthigh sé a dh'imirt chárdaí agus bhí an bhean léi féin.sa bhaile.
I dtrathaibh an meadhon oidhche thainic an diabhal isteach. Bhí coileach i gceann a'-tighe agus gach uair a thiocfadh an diabhal isteach dheanfadh an coileach sgairt agus rachadh an diabhal amach. Le sin dheanfadh rud éigin gáire i bpoll a'bhac'
Nuair a thainic an fear na bhaile idir sin agus maidin, d'innis an bhean dó goide tharla ó dfág sé an baile.
Chuaidh an fear go poll a'bhac' agus chuir ceist ar an té a bhí a' gáiridhe, goidé an rud é nó goidé bhí ag cur bhuadhartha air. D'freaghair guth é gur leanbh gan bhaisteadh a bhí ann agus gur mhaith leis baisteadh tuata a fhághail agus annsin e a chur sa gharraidh.
Rinne an fear mar h-iarradh air agus chuaidh an leanbh suas -na bhflaithis.- Informant
- Seosamh Ó Fíoruisge
- Gender
- Male
- Address
- Cill Ulta, Co. Donegal