School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 158
  3. XML “Tuilteacha”
  4. XML “Cogadh na Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuidigh sé leis na daoine i n-éadan na dtighearnaí talaimh. Is é an Mairtíneach a bhí 'na cheann-urraidh ar na péas. D'éirigh leis an sagart fághail saor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cogadh na Talmhan
    Nuair a bhí cogadh na talmhan ar siubhal idir Tighearnaí agus tionantaí ní rabh muinntir Chloich Cheann Fhaolaidh, ar deireadh ins an troid, agus dálta mar rinneadh le go leór eile ar fud na tíre cuireadh amach as a seilbh furmhór na ndaoine ins an pharóiste seo, ins an bhlliadhain 1889 agus caitheadh ar thaoibh an bhealaigh mhóir iad, gan sgáth, gan dídean ach an spéir ghorm o's a gceann. Chosain móran aca a dtigthe agus a dteaglaig, go calma ach b'éigin díobhtha géilleadh ins an deireadh. I gcorr áit dhainghnigh fir chródha, chalma na tigthe agus throid siad go dian dícheallach i n-aghaidh lucht an airm, agus is beag aca nár chaith tamall i bpríosún de thairbhe.
    Leag an námhaidh móran de na tighthe sa chruth nach dtiochfadh cómhnuidhe a dhéanamh ionnta, acht nuair a rinneadh socrughadh tógadh toigthe úra i n-ionad na sean bhallóg.
    Fhad is bhí na tionantaidhe amuigh as a gcuid tigthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish