School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 137
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Comharthaí na h-Aimsire
    Má bhíonn fáinne thart as an ghealach sin comhartha doinnine. Má bhíonn gealach bháidhte deirtear gur sin comhartha doinnine fosta.
    Nuair a bhíos stoirm a'teacht tarraingheann na faoileógaí ar na cnuic agus na sléibhte.
    má thig na caoraigh atá thuas ar na cnuic anuas go dtí na lagracha agus na gleannta tá doineann ag teacht.
    Áthruigheann an aimsear má bhíonn torman toll ag Carn na Máilleach.
    Tiocfaidh droch aimsear nuair a bíos bladhaire gorm ar an teinidh.
    Deirtear má bhíonn na cearca ghá gcluimhreadh fhéin go bhfuil an fhearthainn ag teacht.
    má bhíonn na géacha fiadhaine ag eiteall go h-íseal sin comhartha boglaigh.
    Nuair a tcídhthear an cat ag nighe a aghaidh sin comhartha fearthainne. Má chuireann sé a chrúb thart a chluais béidh an tuile ag dul thara na bruaigh.
    Deirtear má bhíonn bladhaire gorm ar an teinidh gur sin comhartha boglaigh.
    Má thuiteann cnap súithche anuas an t-seimleóir sin comhartha fearthainne.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish