School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 125
  3. XML “Scéal fá Oisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeul - Fá Oisín
    Cá'n fhuair Oisín ariamh a sháith le hithe fhad's bhí sé ag Pádraic agus deireadh sé le Pádraic i dtólaimh go bhfaca sé measgan ime ag a mháthair níos mó ná an mart a ba mhó a mhairbhfeadh Pádraic agus go bhfaca sé caor-chaorthain ní badh mhó ná an mheasgan ime a deanfadh an cailín,
    Lá amhain d'iarr sé ar Phádraic é leigint a sheilg leis an bhuachaill. Dubhairt Pádraic go leigfeadh da dtuirbhradh sé gealltanas do go dtabhairfeadh se na bhaile slán é. D'imthigh siad leo agus nior stad go dtainic siad fhad le beinn leic, agus chuir Oisín ceist ar an bhuachaill an raibh siad ag beinn leic ar bith. Dubhairt an buachaill go raibh. Chuir Oisín a lamh siar faoí an leic agus tharraing aníar fídeóg. Shéid sé an fhídeóg agus chuir ceist ar an bhuachaill an bhfaca sé a dhath ag teacht. Dubhairt an buachjaill go raibh toirt mór ar shiubhal a bhfad uatha. Shéid sé arais í agus d'fiafruigh dó'n bhuachaill an bhfaca sé a' dhath a'teacht. Dubhairt an buachaill go raibh an toirt a'teacht ní ba deise daobhtha anois. Shéid sé an fhídeóg an tríomhadh huair agus chuir ceist an bhfeiceann sé a dhath a'teacht. Dubhairt an buachaill go raibh an toirt ag teacht i neas daobhtha anois. Chuir sé ceist goidé bhí an cú a dheánamh. Dubhairt an buachaill nach raibh a'n ribe fionnaidh ar a corp
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
    Language
    Irish
    Informant
    Áine Ní Fhuaruisge
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female