School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 116
  3. XML “Urnaí i ndiaidh Paidrín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. urnaighe indiadh paidrín
    'S mé an créatúr lag faoí ualach throm
    Da mhéad mo pheacaidh is aithreaach liom
    Admhuighim creideamh Dé go síor,
    le grádh mó chroidhe's le dóchas fíor
    Ó chois na croiche glaoidhim suas
    A Thighearna Íosa claoin anuas.
    Fáilte dhuit a Mhuire mhór,
    Tarraing orainn le do chabhair.
    A Mhathair Íosa, a Réalt na mara,
    A sgath na mbocht 's ar n-anam chara
    Is tú thóg an t-úan a shaothruigh sinn,
    Is e is mó thug grása duit,
    Is tú thog arais an blath a thuit le hÉabha
    Anois agus ar uair ar n-éuga,
    Tadhbhuigh dúinne siothcháin Dé
    Sgaoil na glas a cheanglas mé
    Tabhair greim dó'n bhocht, dó'n dall a shúil
    A Mhathair mhuirnach 's a ríoghan na nDúl.
    A sgathán an cheirt 's a airc an reacht
    A Chathaoir na hEagna agus na húmhlaidheacht
    Saor mé le céim do Mhic, ar olc daigh a's éug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish