Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 279
- XML “Oíche Nollag Bheag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sin an oidhche deireannach den t-sean bhliain. Bhí sé creidte ag an t-sean muinntir agus tá lán cor dhuine go fóill a chreideas go dtiompughadh an t-uisce i n-a fhíon an oidhche sin no gur i gcoithrim na h-oidhche sin a d'oibir Críost an chead mhiorbhailte, se sin, aistriughadh an uisce go fíon ag bainfheis Chána. Bhi sé creidte aca fosta dá dtogtai uisce indiaidh ghabhail ó sholas an tráthnóna sin go dtiocfadh léan sgrios ar bhunadh an toighe agus mar sin dó, bhíodh uisce an toighe istigh i ngach teach roimhe luighe gréine.
Sgéal i dtaoibh an chreideanna seo. Bhi bean ann aon uair amháin agus chuaidh sí amach agus thug sí isteach stópa uisce indiaidh luighe gréine oidhche Nodlag Beag, agus d'fhág sí an stópa i gceann an toighe. I dtráthaibh am luighe bhuail tart í(leanann ar an chéad leathanach eile)