School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 143
- XML “An Sagart agus an Cat Dubh”
- XML “An Garbh Mór agus Fianna Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)toighe. Dubhairt sé go m'bheigean do é féin a thaisbeaint agus le sin d'imthigh sé agus an tsean bhean agus taobh an toighe leis.
- Bhi fear ann i n-am amháin agus sé an t-ainm a bhi air Garbh Mór. Bhi sé i n-a chómhnuidhe i n-áit a dtugtaoi Las-na-Rón air thall sa Tuirc. Chualaidh sé iomrádh ar Fhianna Éireann agus smaointigh sé go dtiocfadh sé anall go dtabhairfeadh se leis anonn lasta luinge aca go ndíolfadh sé thall sa Tuirc iad mar sglábhuidhthe. Tháinig, Chuir sé a dhruim le crann an t-soithigh agus bhí sé ag stiúradh an bháid le na ladhair mhoir. Nuair a tháinig sé go dtí an cladhach chuir an laoch an long faoi n-a ascail agus tháinig isteach ar thalamh thirm.
Chonnaic na Fianna é ag teacht agus ghlac siad eagla roimhe agus smaointigh siad go mb'fheárr díobhtha fear a chur 'un cainnte(continues on next page)