School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 075 Forward
Resolution: Low | High
Scéal fá dtaobh de Ghasúr a bhí ar Fastó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann am amháin agus d'fhastodh sé gasúr. Badh é an margadh a bhí ann é a chuid a fhagháil go maith. Nuair a d'éirigh an gasúr ar maidín ní bhfuair se ach brachan agus bláthach agus cuireadh amach ag bualsdh coirce é. Bhí cruach mhór coirce buailte aige in am dinéara agus é iongantach tuirseach.
Sgáirt a mhaighistir isteach air chuig a dhinnéar agus ní bhfuair sé ach brachan agus bláthach. Nuair a bhí sé ite aige, cuireadh amach a bualadh coirce aríst é agus bhí sé ag obair leis go am tae agus sgairt a mhaighistir isteach air chuig a chuid tae agus fuair sé brachán agus bláthach arís agus chuir a mhaighistir ceist air an rabh sé sásta agus dubhairt an gasúr nach rabh agus dubhairt an maighistir duine a bith nach mbíonn sásta go gcaithidh an chluas bhaint de agus é a chur chun na bhaile.
Thug sé leis sgin agus bhain de an chluas

(continues on next page)
Collector
Anna Ní Bhaoighill
Gender
female
Age
13
Informant
Maighread Ní Bhaoighill
Gender
female
Age
43
Language
Irish