Bhí bean ag buaileadh maistreadh lá amháin agus tháinig gasúr beag isteach agus choimead sé í ag baint an im de'n chuinneoig. Nuair a bhí an t-im bainte aici thug sí ceapaire do'n ghasúr. Níor dhubhairt an gasur a dhath acht chrom sé a cheann. Chuir an bhean ceist air goidé bhí cearr. Dubhairt an gasúr nach rabh a dhath cearr acht go gcuireann a mháthair im ar an dá thaoibh an aráin. Dubhairt an bhean gur furasta sin a léigheas agus chuir sí im ar an dá thaoibh. Annsin chuir sí ceist an rabh sé sásta. Dubhairt an gasúr go rabh acht go mór an truaighe nach rabh taobh eile air.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »