School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 075 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Pisreogach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal Pisreógach

Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí sé ag dul chun an aonaigh cheannacht beathaigh.
Nuair a bhí sé ag imtheacht chaith a bhean an maide briste ina dhiaidh le adh maith a chur air. D'imthigh sé leis. Nuair a bhí sé giota maith ag siubhal casadh bean ruadh air agus í costárnocht. Labhair seisean leithe agus sheasaidh sise.
Tá tú ag dul chun an aonaigh indú a ceannach beathaigh arsa sise. Tá arsa'n fear. Tá súil agam go bhfuighe tú beathach maith arsa'n bhean.
D'imthigh an fear go dtí an t-aonach agus cheannuigh sé an beathach. Nuair a bhí sé ag teacht chun an bhaile agus é ag marchaigheacht air, rith cóinín trasna an bhealaigh mhóir, thug an beathach léim agus thuit an fear agus briseadh a mhuineál.

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
13
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
64
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Language
Irish