School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 566 Forward
Resolution: Low | High
Luinneach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 536

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Ag rád.
Thoisigheadar a romhar an fheirn agus bhíeadar ag romhar gach lá go rabh an talamh tionntuigh uilig aca ach ní bhfuair siad an t-airgead. Nuair nach rabh an tairgead lé fagháil dubhairt an mac a bhóige go rabh obair mhór deánta aca. Diarr sé ar an bheirt eile cruithneachta a chur.
Cuireadh an cruithneachta agus d’fás sé leis go dtí an fóghmhar. Baineadh an cruinneathta agus buaileadh é agus díolfadh é. Fuair siad cuid mhór airgid air.
An oidhche sin nuair a bhíeadar ag cuntas an airgid chonnaic siad an rud a bhí ar inntin a n-athara.

An bhean agus a mac.

Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí (l) mac amhain aicí. Bhí sé ina shuidhe ag taobh na tineadh ó tháinig sé ar an t-saoghal agus bhí a mhathair amuigh ag iarraidh bainne do.
Lá amháin dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé féin a chuid a (saothruigda) shaothruighadh. D’éirigh sé ina sheasamh agus d’iarr sé bata ar a mhathair. Fuair a mhathair seo do, agus d’imthigh sé leis.

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
13
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
65
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Language
Irish