Fear an mhadaidh.
Bhí fear ann, am amháin agus ní rabh fhios aige caidé an dóigh a bhfuigheadh sé annlann fá choinne a dhinneara. Ní rabh airgead ar bith aige, agus smaointigh sé ar phlan maith (a) ins an deireadh. D’imthigh shé féin agus thug sé leis madadh beag iongantach críonna a bhí aige.
Bhéarfadh sé leis rud ar bith a thuitfead uadh dhuine ar bith, agus bhéarfadh sé leis chun na bhaile é.
Bhí go maith chuaid siad isteach i siopa agus d’iarr an fear easg már agus thug fear an th-siopa do é. Chuir sé ceist ar an t-siopádóir ca mhéad a bhí an t-iasg agus d’innis seisean do. Toisigh seisean ag leigint air fhéin go rabh sé ag cuartughadh an airgid agus leig sé síos an t-easg ar an urlar agus
(continues on next page)