School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thug siad leobhtha é. Chuir siad isteach i mála é. Thug siad leobhtha é, fá choinne é a bhaitheadh. Acht nuair a tháinig siad go dtí an chead teach leana, chaith siad an mála síos, ar thaoibh an bhealaigh mhóir, agus chuaidh siad isteach. An fhad agus bhí siad astoigh, tháinig fear thart agus an iomad callaigh leis. Chuir sé ceist air, caidé a bhí sé a dheánamh annsin, agus dubhairt seisean go rabh doigh bhreagh air.
D’fiafruigh fear an eallaigh dó, an leigfeadh sé isteach eisean, ins an mhála, agus dubhairt seisean maith go leór.
Thug sé leis an-t-eallach agus d’imthigh leis, agus chuaidh an fear eile isteach ins an mhála. Nuair a tháinig an mhuinntear a bhí astoigh amach, shíl siad gur fear ná fídeóige a bhí leo, rith na h-ama agus thug siad leo é, agus bhaith é.
Tamall na dhiaidh sin, casadh an dá fhear ar fear na fideóige, d’fiafruigh siad do, goidé an doigh a dtáinig sé as an fhairrge. Dubhairt seisean an áit, ar chaith siad amach é, go rabh saidhbhreas an domhan ann, agus go bhfuair seisean cuid mhór eallaigh ann.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Ghiolla Chomhghaill
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Sighle Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal