School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 509

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 509

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 509
  3. XML “Scéal - Clann Rí na hIorua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean gur cod Mac Ríogh na h-ioruaidhe. Maise mas tusa cod Mac Ríogh na h-ioruaidhe is tú árd gaisgidh an domhain.
    Dubhairt sí gur ise Nighean Ríogh na gilaThug cod iarraidh anonn fá choinne greim a fhághal uirthi acht d’imthigh sí uadh. Thug sí leimh isteach sa churrach arís agus d’imthigh sí léithe amach chun na fairrge agus an t-slat gheal ina [lailmh]? aici. Phill cod ina bhaile annsin agus tháinig sé isteach go teach a athara.
    Shuidh sé sa chathair mhór agus rinne sé osnadh. Thuit sé síos frid an chathair mhór Chuala a athair an [tuam]? a rinne sé agus tháinig sé a fhad leis. Goidé a tháinig ort arsa an táthair leis.
    D’innis seisean dó an dóigh a dtáinig an bhean air agus an dóigh a d’imthigh sí chun na fairrge arís. Ó arsa an t-athair ná bíodh buaidhreadh ar bhith ort.
    Cuirfidhmuid an cabhlach amach i mbárach agus má tá sí le fághál gheobhthar í. Maise, a athair ar seisean nuair a cluinnfeas na righte eile gur chuir tú amach dó cabhlach ní bhéidh fhios aca cé’n ríogacht a bhfuil tú ag dul a chur troide air. Ar maidin lá ar bhárach rinne siad réidh. Thóg siad a gcuid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Sádhbha Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal
    Informant
    Nuala Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal