School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa an Rígh. Bhí mé ag tarraingt ort agus an tríochadh h-uair bhí mé fá ghiota duit.
Déirigh an t-iolar mór suas agus mharbh sé an luchóg. Dubhairt Rí na h-Éireann annsin go rabh an cogadh bainte ag an fhuiseóg.
Choinnigh Rí na h-Éireann an t-iolar trí seachtmhainí. Dubhairt an t-iolar go rabh an t-am aigesin a dhul ina bhaile nuair a bhí na trí seachtmhainí thuas. D’fiafruigh sé dó’n Rígh an rachadh sé leis dubhairt an Rígh go rachadh. D’imthigh siad leo agus d’iarr an Rígh ar an iolar ubhla a thabhairt leo agus da dtiocadh tart nó ocras ortha go mbhainfeadh sé an t-ocras agus an tart daobhtha. D’imthigh siad leo agus chuaidh siad isteach ann bád agus bhí siad ag séolteoracht leo agus tháinig ocras ar an iolar agus d’iarr sé ar an Rígh an t-ubhla a chathamh amach san fhairrge agus d’éirigh coillidh ubhlaí fuair siad oiread agus bhain (op) ocras agus tart daobhtha.
D’imthigh siad leobhtha ar an fhairrge arís Nuair a chuaidh siad giota eile d’éirig ocras ar an iolar arís. Chaith siad amach an t-ubhla agus d’éirigh coillidh fuair siad oiread agus bhain tart agus ocras daobhtha.- Collector
- Sádhbha Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Niamh Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal