School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 506

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 506

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 506
  3. XML “Scéal - An Luchóg agus an Fhuiseog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An luchóg agus an fhuiseóg.
    Fad ó shoin bhí luchóg istoigh i gcruach choirce lá amháin san Earrach bhí sí ag sgiobadh amach an choirce. Bhí fuiseóg ag dul thart ar eiteóg. Ní rabh a dhath le fághal aici le h-ithe. D’iarr sí ar an luchóg coirce a sgiobadh amach dí a fhad as mhaireadh an Samhradh agus nuair a thiocadh an tearrach go bhfuighadh sise a cuid dé’n luchóg.
    Nuair a tháinig an Samhradh bhí a sáith le h-ithe ag an fhuiseóg agus ní d’iarr sí a dhath ar an luchóg. Rinne an fhuiseóg fad agus dubhairt sí nach rabh áird aici ar an luchóg. Dubhairt an luchóg go gcuirfeadh sí cogadh ar an fhuiseóg. Dubhairt an fhuiseóg gur chuma léithe.
    Chruinnuigh an luchóg na h-ainmhidhte ceathar cosach agus chruinnuighaidh an fhuiseóg na h-éanacha a bhí ar an aer. Bhí siad le cogadh a dheánamh ós coinne doras Ríogh na h-Éireann. Bhí an luchóg trom go leor aig an fhuiseóg go dtáinig an tráthnóna.
    Annsin shéid Rígh na h-Éireann a fhideóg trí h-uaire ar an iolar mhór. Chá h-áit a rabh tú nuair a shéid mé an fhideóg an chead uair (an) arsa an Rí. Bhí mé sá domhan thoir arsa an t-iolar. Chá h-áit a rabh tú nuair a shéid mé an dara h-uair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Sádhbha Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal
    Informant
    Niamh Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal