School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 495

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 495

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 495
  3. XML “Scéal - An Pictiúr Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An pictiúir naomhtha.
    Bí fear ann fad ó shoin agus bhí sé ag dul áit éigin. Cé bith a seól é go dtí an áit seo fuair sé (pioct) pictiúir naomhtha faoi an talamh. Pictiúir a bhí annseo a bhí a bfolach na céadfaidh bliadhain roimhe, ach ní bfucureas é go dtí seo.
    Lá amháin nuair a bhí an fear seo ag siubhal thart fuair sé an pictiúir seo tuairm’s air leath mhíle faoi an talamh. Nuair a bhí an fear seo ag tógáil an phictiúir amach as an pholl tháinig aingeal fhad leis, agus d’iarr air nuair a rachadh sé na bhaile a dhul go teach an phobaill (nu) agus gan moill ar bith a deánamh fá choinne an piocti sé na bhaile a dhul go teach an phobaill (nu) agus gan moill ar bith a deánamh fá choinne an pioctiúr a choisreacadh.
    Bhí go maith chuaidh seisean na bhaile agus bhí sé iongantach tuirseach agus dubhairt sé leis féin go bfágfadh sé é go maidín lá thar na bhárach. Ar maidín bí sé marbh ach sul a bhfuair sé bás d’iarr sé ar a mhnaoi a dhul agus é a choisreacadh ar maidín agus dubhairt sise go gcoisreaceachadh. Ach nuair a fuair seisean bás rinne sí dearmad de’n phictiúir.
    Lá amháin nuair a bhí sí na suidhe chois na tineadh. Tháinig bean isteach agus clóca mór geal uirthí agus is é an áit a rabh sé crochta ar an balla ós cionn na leabtha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Nic Aodhachain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Chorrmhín, Co. Donegal
    Informant
    Caitlín Nic Aodhachain
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    An Chorrmhín, Co. Donegal