Eachtraí Sheáin agus Dhiarmuid.
Bhí beirt dearbhráthacha ann uair amháin agus bhíeadar ina ndilleachtaidhe. Is é an tainm a bhí ortha Seán agus Diarmuid. D’imthigheadar lá amháin a shaothrughadh a gcodach. Rinne Seán fastach le táileár fá choinne bheith ag fuail. Rinne Diarmuid fastach le feirmeóir. Ní rabh aith ró maith aige agus bhí sé fá choinne é a fhagail agus d’iarr sé a thuarastal ar maighistir. Dubhairt an maighistir go dtabharfadh sé do é. Acht go gcaithfeadh sé dul amach na coille croibhe fá choinne sgaifte eallaigh.
Bhí fáthach mór ina chomhnuidhe ins an choillidh agus bhí an maighistir ag deanamh mairbhfheadh sé é agus nach mbhéadh tuarastal ar bith aige le tabhairt do.
Nuair a bhí Diarmuid réidh le imtheacht cuir an t-seán-bhean ceist air goidé a bearfadh sé leis fá-choinne lóin. D’iarr sé méigheadh agus gruth. Fuair sé sin agus d’imthigh sé.
Nuair a croich sé an choilleadh chonnaic sé an fáthach agus chuaidh sé suas ar crann agus thug sé leis suas cloch gorm agus thoisigh sé ag leigint do’n méigh agus dó’n ghruth tuiteam anuas. Nuair a tháinig an fáthach go bun an chrainn rinne sé
(continues on next page)