School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’imthigh sé agus an t-airgead leis. Chuaidh sé isteach i dteach ólacháin agus chá dtáinig sé amach gur chaith sé an t-airgead uilig.
D’imthigh sé na bhaile agus gan oiread is leith-piginn leis. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an teach. Bhí lúthgháir mhór ar an mhnaoi nuair a chonnaic (sé) sí gur dhíol an fear an bó. Cinnte arsa seise béidh oiread airgid leat agus a choinneas beó ar fead tamailt muid agus a dhíolas an cíos dúinn.
Dubhairt an fear gur chaill sé an t-airgead. Ná mór an truaighe sin. Tá muid gan bó ná airgead anois agus ta muid níos measa ná a bhí muid ariamh.
Ní rabh sé i bhfad go dtáinig an cíos agus ní rabh siad ábalta a dhíol. Baineadh an talamh daobhtha. Ní rabh a dhath aca le bheith beó air annsin. Is é an deireadh a bhí air gur bhfuair an bheirt aca bás leis an ocras agus an fear a ba chionntuig leis.- Collector
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Nuala Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal