“An dá Fathach”.
Bhí fathach thall i n-Albain agus smaoitidh sé go dtiocfadh sé anall go gcuireadh sé troid ar an fhathach a bhí i bfus i n-Éirinn. Chuir sé sgéala anall go rabh sé i teacht anall. Bhí eagla ar an fhathach roimhe agus d’iarr a mhnaoi air gan eagla ar bith a bheith air.
Thug sí léithi é agus chuir sí na luighe sa chliabhán é. D’iarr sí air gan bogadh. Tháinig an fathach go dtí an doras agus tháinig sé isteach. Chuir sé ceist cá rabh na fir. D’ubhairt seise go rabh siad amuigh as go mbéadh siad isteach ar bhomaite.
Chuir sé ceist cia a bhí sa chliabhán. Dubhairt seise gur an leanbh. Chuaidh sé go dtí an cliabhán agus chuir sé a chuid méara isteach i mbéal an leinibh go bhfeiceadh sé a rabh fiacla aige. Bhain an leanabh an mhéara dó.
D’iarr sé annsin giota feóla agus arán a thabhairt dó. Dubhairt an bhean nach rabh a dhath feóla istoigh. D’iarr sí air a dhul amach na cnuic agus bolag a thabhairt isteach agus a rósadh.
Chuaidh sé amach agus thug sé isteach é. Rósadh an bholag agus dith sé é agus dith sé bonag aráin choirce fosta. Bhí tart air annsin.
(continues on next page)