School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 479
- XML “Scéal - Seán Ó Chearlaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nach gur é a b’fhearr, de’n iomlán. Nó nach dtabharfadh sé spáis de íseal, nó uasal. Ná dó óg ná dó shean.
Nuair a tháinig an bás, gur shíl Séan an oiread sin dó. Rinne sé doctúir dó. Acht thug sé comhairle amháin dó, duine ar bith a fheicfheadh sé eisean a chosaibh a bhaint dó, agus duine ar bith a fheicheadh, eisean an ceann a bhaint dó.
Bhí Séan ag dul thart, agus doigh bhréagh air. Acht chuala sé go rabh fear uasal a rabh farral air tinn, agus go rabh an oiread seo airgid aig le doctúir ar bith, a bheadh ábalta biseach a dheánamh dó.
Nuair a chuala an fear uasal seo, go rabh an fear seo, iongantach maith ag deánamh léas. Cuireadh fá choinne Shéan agus bhí an bás ag a cheann, agus é ag bagairt ar Shéan gan baint leis. Acht diarr Séan a cheann a chur ag a chuid cosa, agus a chosa a chur ag a cheann.
Rinneadh sin leis, agus fuair an fear uasal biseach. Fuair Séan cuid mhór airgead, d’imthigh sé ná bhaile, agus fuair sé féin bás.- Collector
- Anna Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- An Charraig, Co. Donegal