Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 478

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 478

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 478
  3. XML “Scéal - Fear a Bhí Róshantach”
  4. XML “Scéal - Seán Ó Chearlaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus tháinig sé agus bucóig mhór leis, agus nuair a tháinig sé fhad leis an áit, a d’fhág sé an bhean, ní rabh sí ann, agus ní rabh sí le fagháil aige.
    D’amharc sé isteach sá chána, agus ní rabh ór ná airgead ann. Acht fuighleach a dh’einnear. D’imthigh sé chun an bhaile, agus brón mór air, cionnus nár choinnigh sé an cána a bhí aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal. “Séan Ó Chearlaigh”.
    Bhí fear ann, aon uair amháin agus sé an t-ainm á bhí air. Séan O Cearlaigh. Bhí sé ag siubhal an bealach mór, lá amháin, agus bhí leanbh leis, le baisteadh. Ní rabh aon n-duine le dhul faoi ní rabh sé i bhfad ar shiubhal go dtáinig an diabhal. Chur sé ceist ar Shéan, an rachadh sé leis, acht dubhairt Seán nach rachadh. D’imthigh sé leis, agus casadh Dia air. Chuir Dia ceist air, an rachadh sé leis, agus dubhairt Séan nach rachadh.
    D’imthigh sé leis, ag tarraingt ar Theach Dé, agus casadh an bás air. Chuir an bás ceist air, an rachadh seisean leis. Dubhairt Séan go rachadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0332: Godfather Death
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Brian Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal